POBLACHT NA hÉIREANN
RIALTAS SEALADACH
PHOBLACHT NA hÉIREANN
DO MHUINTIR NA hÉIREANN
A FHEARA AGUS A MHNÁ NA hÉIREANN : In ainm Dé agus in ainm na
nglún a chuaigh romhainn agus óna bhfuair sí seanoideas na náisiúntachta, tá Éire,
trínne, ag gairm a clainne faoina bratach agus ag bualadh buille ar son a saoirse.
Tar éis di a fir a eagrú agus a oiliúint ina heagraíocht rúnda réabhlóideach,
Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, agus ina heagraíochtaí míleata poiblí,
Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann, agus tar éis di a riailbhéas
a thabhairt go foighneach chun foirfeachta agus feitheamh go buanseasmhach leis
an bhfaill chun gnímh, tá sí ag glacadh na faille sin anois, agus, le cabhair óna
clainn ar deoraíocht i Meiriceá agus ó chomh-ghuaillithe calma san Eoraip, ach,
thar gach ní, le muinín as a neart dílis féin, tá sí ag bualadh buille i ndóchas iomlán
go mbéarfaidh sí bua.
Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochlóite ceart mhuintir na hÉireann chun
seilbh na hÉireann, agus chun dála na hÉireann a stiúradh gan chosc gan cheataí.
Níor cuireadh an ceart sin ar ceal leis an bhforghabháil a rinne pobal eachtrannach
agus a rialtas air le cian d’aimsir ná ní féidir go brách a chur ar ceal ach trí dhíothú
mhuintir na hÉireann. Níl aon ghlúin dá dtáinig nár dhearbhaigh pobal na hÉireann
a gceart chun saoirse agus ceannas a náisiúin; sé huaire le trí chéad bliain anuas
dhearbhaíodar faoi airm é. Ag seasamh dúinn ar an gceart bunaidh sin agus á
dhearbhú arís faoi airm os comhair an tsaoil, fógraímid leis seo Poblacht na hÉireann
ina Stát Ceannasach Neamhspleách agus cuirimid ár n-anam féin agus anam ár
gcomrádaithe comhraic i ngeall lena saoirse agus lena leas, agus lena móradh i
measc na náisiún.
Dlíonn Poblacht na hÉireann, agus éilíonn sí leis seo, géillsine ó mhuintir
uile na hÉireann, idir fhir agus mhná. Ráthaíonn an phoblacht saoirse creidimh
agus saoirse shibhialta, comhchearta agus comhdheiseanna, dá saoránaigh uile,
agus dearbhaíonn sí gurb é a rún séan agus sonas a lorg don náisiún uile agus
do gach roinn di, le comhchúram do chlainn uile an náisiúin, agus le neamhairt
ar an easaontas a cothaíodh d’aontoisc eatarthu ag rialtas eachtrannach agus lér
deighleadh mionlucht ón tromlach san am atá imithe.
Go dtí go dtabharfaidh feidhm ár n-arm an t-ionú dúinn Buan-Rialtas Náisiúnta
a bhunú ó theachtaí do phobal uile na hÉireann arna dtoghadh le vótaí a cuid fear
agus ban, déanfaidh an Rialtas Sealadach, a bhunaítear leis seo, cúrsaí sibhialta
agus míleata na Poblachta a riaradh thar ceann an phobail.
Cuirimid cúis Phoblacht na hÉireann faoi choimirce Dhia Mór na nUilechumhacht
agus impímid A bheannacht ar ár n-airm; iarraimid gan aon duine a bheas
ag fónamh sa chúis sin do tharraingt easonóra uirthi le mílaochas, le mídhaonnacht
ná le slad. San uair oirbheartach seo is é dualgas náisiún na hÉireann a chruthú,
lena misneach agus lena dea-iompar agus le toil a clainne á dtoirbhirt féin ar son
na maitheasa poiblí, go dtuilleann sí an réim ró-uasal is dán di.
Arna shíniú thar ceann an Rialtais Shealadaigh,
TOMÁS Ó CLÉIRIGH,
SEÁN MAC DIARMADA, TOMÁS MAC DONNCHADHA,
PÁDRAIC MAC PIARAIS, ÉAMONN CEANNT,
SÉAMUS Ó CONGHAILE. IÓSEPH Ó PLUINGCÉAD.